An Eite Dheis Mhalartach: Sé Phointe Dhéag

An Eite Dheis Mhalartach: Sé Phointe Dhéag

1. Baineann an eite dheis mhalartach leis an eite dheis, mar a úsáidtear an téarma sin i Meireacá agus san Eoraip. Ní den eite dheis mhalartach na sóisialaigh, na fórásaithe, na liobrálaigh, na cumannaigh, deisceabail Karl Marx, na Marcsaigh, na Marcsaigh chultúrtha, ná na nuachaomhaigh.

2. MALAIRT is ea an eite dheis mhalartach ar an ngnáthghluaiseacht chaomhach i Meireacá, atá in ainm is a bheith ag leanacht deich bprionsabal chaomhacha Russell Kirk, ach arb í fírinne an scéil go bhfuil sí dulta ar meath, ionas go bhfuil cuid de chosúlacht na forásachta tagtha uirthi. Malairt freisin í ar an liobraíochas.

3. Ní cosantach an meon atá ag an eite dheis mhalartach agus ní fiú faic léi díomua uasal prionsabálta. Is cuid dá fealsúnacht an breathnú ar aghaidh, an t-ionsaí, is an oilbhéim. Creideann sí gurb amhlaidh a bhéarfar bua, trí dhianseasmhacht is trí chomhtheacht leis an eolaíocht, le fírinne an domhain, leis an traidisiún, is le ceachtanna na staire.

4. Creideann an eite dheis mhalartach gurb í sibhialtacht an Iarthair an gaisce is mó a rinne an duine agus tacaíonn sí le trí chrann seasta na sibhialtachta sin: an Chríostaíocht, náisiúin na hEorpa, agus oidhreacht na Gréige is na Róimhe.

5. Deir an eite dheis mhalartach go hoscailte go bhfuil sí náisiúnach. Tacaíonn sí le gach náisiúnachas agus le ceart gach náisiún a bheith ina thír féin, gan coimhthígh sa tír sin de dheasca ionraidh ná imirce.

6. Tá an eite dheis mhalartach i gcoinne an domhandachais agus i gcoinne gach grúpa a oibríos ar son idéal nó cuspóirí domhandacha.

7. Tá an eite dheis mhalartach frithchothromaíoch. Séanann sí gurb ann don chothromaíocht, díreach mar a shéanas sí gurb ann d’aonbheannaigh is do leipreacháin, mar tá sé tugtha faoi deara aici nach bhfuil an fear is an bhean cothrom le chéile, ná nach bhfuil daoine cothrom le chéile de réir toisí eolaíochtúla, ná de réir dlí, ná sa mhéid de mhaoin an tsaoil atá acu, ná ó thaobh intleachta, ná go spioradálta.

8. Cleachtann an eite dheis mhalartach modh na heolaíochta. Glacann sí leis na conclúidí a sroicheadh tríd an modh sin, ach tuigeann sí go bhféadfaí na conclúidí sin a athrú amach anseo, go mbíonn baol ann go gcorbfaí na heolaithe, agus nach ar mhodh na heolaíochta atá “comhaontú na heolaíochta” bunaithe ach ar mhodh an daonlathais, rud a fhágas go bhfuil sé neamheolaíoch ó nádúr.

9. Creideann an eite dheis mhalartach é seo: féiniúlacht > cultúr > polaitíocht.

10. Tá an eite dheis mhalartach i gcoinne riail nó forlámhas a bheith ag grúpa eitneach dúchasach amháin ar cheann eile, go háirithe i dtír dhúchais cheannasach an ghrúpa atá faoi chois. Tá sí i gcoinne an iomarca tionchair a bheith ag grúpa eitneach neamhdhúchasach ar bith i sochaí ar bith, trí fhiníochas, trí threibheachas, nó trí mhodh ar bith eile.

11. Tuigeann an eite dheis mhalartach é seo: éagsúlacht + cóngaracht = cogadh.

12. Is cuma leis an eite dheis mhalartach céard is dóigh leat di.

13. Diúltaíonn an eite dheis mhalartach don saorthrádáil idirnáisiúnta agus don saorghluaiseacht phobal a thagas d’éigean aisti. Cé go bhfuil saorthrádáil istigh sa náisiún tairbheach, ní thugann sin fianaise go bhfuil saorthrádáil idirnáisiúnta tairbheach.

14. Creideann an eite dheis mhalartach nach mór dúinn an cine geal a thabhairt slán ó éaglach agus todhchaí shlán a chruthú dá pháistí.

15. Ní chreideann an eite dheis mhalartach go mbeireann cine, náisiún, pobal, nó fospeiceas ar bith barr go huile is go hiomlán ar cheann ar bith eile. Tá a shainbhuanna is a shainlaigí féin ag gach cine, gach náisiún, gach pobal, agus gach fospeiceas daonna, agus tá sé mar cheart ardcheannasach acu cónaí gan cur isteach sa chultúr dúchasach is fearr leo.

16. Leanann an eite dheis mhalartach fealsúnacht ar mór aici síocháin idir náisiúin an domhain, atá i gcoinne cogaidh chun luachanna náisiúin amháin a chur i bhfeidhm ar náisiún eile, agus atá i gcoinne díothú náisiún, trí chogadh, trí chinedhíothú, trí inimirce, nó trí chomhshamhlú géiniteach.

I mbeagán focal: gluaiseacht bunaithe ar idé-eolaíocht Iartharach is ea an eite dheis mhalartach, a chreideas san eolaíocht, sa stair, i bhfírinne an domhain, agus i gceart an náisiúin ghéinitigh a bheith ann agus é féin a rialú ar mhaithe leis féin.